Cur le Weblate
Tá Weblate forbartha ag pobal oscailte. Tá go leor bealaí inar féidir leat cur le forbairt Weblate. Labhair faoi le do chomhpháirtithe.
Féach ar an gcód foinseach Aistrigh an aipAr aimsigh tú fabht i Weblate?
- Má fadhb slándála nó fadhb íogair atá ann, déan tuairisc ag HackerOne. Is féidir amharc ar bhealaí eile le tuairisc a dhéanamh sa cháipéisíocht.
- Déan cinnte nár tuairiscíodh an fabht cheana féin, trí chuardach a dhéanamh trí na fadhbanna ar GitHub.
- Muna féidir leat fadhb oscailte a aimsiú a bhaineann le d'fhadhb, oscail ceann nua.
- Lean na treoracha i dteimpléad na faidhbe, agus cuir isteach an t-eolas ar fad atá agat.
An bhfuil paiste agat a dheisíonn fabht éigin?
- Oscail iarratas tarraingt GitHub nua leis an bpaiste.
- Cinntigh go bhfuil cur síos soiléir sa chur síos ar an iarratas tarraingte ar an bhfadhb agus ar an réiteach. Cuir an uimhir eisiúna ábhartha san áireamh más infheidhme.
An bhfuil Gné ar iarraidh duit nó an mian leat rud a athrú?
- Mol an t-athrú i bhfadhbanna GitHub.
- Lean na treoracha i dteimpléad na faidhbe, agus cuir isteach an t-eolas ar fad atá agat.
Ceisteanna ag baint leis an gcód foinse?
- Amharc ar cháipéisíocht na ndeontóirí chun na hábhair is comónta a aimsiú.
- Roinn do smaointí ar na cainteanna GitHub.
An bhfuil tú ag iarraidh cabhair le cáipéisíocht?
- Is cuid de stór na gcód foinseach an doiciméadú agus is féidir leat na naisc a leanúint go héasca chun gach leathanach a chur in eagar go díreach ón doiciméadú.
- Nuair atá paiste réidh, lean treoireacha aighneacht an phaiste.
- Cabhraigh le hiarrataí tarraingthe nach mbaineann le cód a shocrú agus a mholadh trí dhul isteach san fhoireann athbhreithnitheoirí.
Baintear dea-úsáid i gcónaí as tacaíocht airgeadais.
Oscail an leathanach deonaithe le haghaidh roghanna maidir le conas síntiús a thabhairt.
Déan síntiús anoisAn aistritheoir thú? Cabhraigh le Weblate a aistriú.
Is féidir leat Weblate agus tionscadail eile a aistriú ag hosted.weblate.org.
Tosaigh ag aistriú